
Na Spéaclaí Draíochta
le Ardán Mhaigh Eo.
Thursday, 18 June 2026
8pm
€10 plus €1.00 táille áirithinte
A night of drama, music and dance featuring the best of Castlebar:
Ardán Mhaigh Eo drama group
Banna Céilí St Joseph's Secondary School
Ceoltóirí Ghaelscoil Raifteirí.
Liam Ó Scanláin, rinceoir ar an sean nós
Scigdhráma faoi lánúin mheánaicmeach atá ag sodar i ndiaidh na n-uasal. Ach an éireoidh leo anlámh in uachtar a fháil ar an mbuitléir.
A farce featuring a middle-class couple who have notions. Will it be this socialite couple or theirbutler who wins the power struggle?
George – an buitléir – Seán Ó Cionfhaola
Séamus – Séamus Mac Conmara
Éilís – Máire Ní Chinnéide De Búrca
Fear an DPD – Michael Gill
Stiúrthóir – Róisín Uí Chógáin (Director)
Ardán Mhaigh Eo
Grúpa drámaíochta nua-bhunaithe leis an dráma lenar bhuaigh siad gradam ag an Fhéile Náisiúnta drámaíochta:
“Na Spéaclaí Draíochta” - Léirmheas le Ann Marie Horan, aisteoir agus léiritheoir gairmiúil.
Review by Ann Marie Horan, professional actress and producer.
“Molaim go hard Ardán Mhaigh Eo ......bhí sé soiléir go raibh croí agus anam an chompántais sadráma uilig. Is scéal éadrom greannmhar é Na Spéaclaí Draíochta, agus d’éirigh go maith leis an léiriúchan é sin a thaispeáint dúinn.”
“Bhí neart fuinnimh agus beocht sa dráma ar fad....Bhí na cultacha agus na prapaí an-éifeachtach don aicsean”
“Ba mhealltach, spraoiúil an taispeántas é seo, a thaitin go mór leis an lucht féachana.”
“Comhghairdeas libh.”
Liam Ó Scanláin
Tá Céim Mháistreachta i dTaibhiú Rince Traidisiúnta ag Liam ó Acadamh Domhanda Ceoil agus Rince na hÉireann. Buaiteoir Chorn TG4 ag Oireachtas na Gaeilge, córagrafaí agus taibheoir is ea Liam Ó Scanláin atá fréamhaithe go daingean i dtraidisiún damhsa an tsean nóis agus na gcnaguirlisí.
A Masters graduate in Traditional Dance Performance at the Irish World Academy, winner of the coveted Corn TG4 at Oireachtas na Gaeilge, choreographer and performer Liam Ó Scanláin’s art is firmly rooted in a sean nós and percussive dance tradition.
Banna Céilí Mheánscoil Naomh Iosaef, Caisleán an Bharraigh
Is grúpa nua-bhunaithe de cheoltóirí óga cumasacha iad Banna Céilí Naomh Iosaef, ón gCéad Bhliain go dtí an Idirbhliain i Meánscoil Naomh Iosaef, Caisleán an Bharraigh. Le réimse leathan uirlisí agus stíleanna ceoil, glacann an grúpa páirt go rialta i gcomórtais, i gceolchoirmeacha agus in imeachtaí cultúrtha, ag léiriú thraidisiún saibhir an cheoil Ghaelaigh go bródúil.
St Joseph's Céilí Band are a newly formed group of talented young musicians, ranging from First Year to Transition Year at St. Joseph's Secondary School, Castlebar. With a wide range of instruments and
music, the group regularly participates in competitions, concerts and cultural events, showcasing the rich heritage of Gaelic music.
Ceoltóirí Ghaelscoil Raifteirí
Tá ceol agus cultúr na hÉireann beo bríomhar i measc dhaltaí Ghaelscoil Raifteirí, agus níl aon sampla níos fearr de sin ná Tríona, Reuben, Liadán agus Seán – ceathrar ceoltóirí cumasacha ó ranganna 4 go 6 a bhfuil grá agus dúthracht acu don cheol traidisiúnta.
Baineann siad taitneamh as a bheith ag seinm ag imeachtaí scoile agus pobail, agus is minic a fheictear iad ag tabhairt siamsaíochta don phobal áitiúil san ionad seirbhísí sóisialta agus san ospidéal.
Bhain siad Craobh an Chontae amach sa rannóg Ceol Uirlise sa Scór i mbliana agus tá siad anois ag ullmhú do Fhleadh Cheoil Chonnachta. Is rannpháirtithe rialta iad ag imeachtaí ceoil traidisiúnta ar bhonn áitiúil agus náisiúnta, agus cuireann siad meascán de phoirt mhalla agus de phoirt bhríomhara i láthair.
Táimid thar a bheith bródúil astu mar ambasadóirí óga don cheol traidisiúnta agus do phobal Ghaelscoil Raifteirí.
Irish music and culture are alive and thriving among the pupils of Gaelscoil Raifteirí, and there is no better example of this than Tríona, Reuben, Liadán and Seán – four talented young musicians from 4th to 6th class with a love of traditional music.
They enjoy performing at school and community events and regularly entertain members of the local community in the social services centre and hospital.
This year they won the County Final in the Instrumental Music category of Scór and are now preparing for Fleadh Cheoil Chonnachta. Regular participants in local and national traditional music events, they perform a mix of slow airs and lively tunes.
We are extremely proud of them as young ambassadors for traditional music and the Gaelscoil Raifteirí community.



